Blog

Ag leathnú ár láithreacht um Theanga Gaeilge ar HSE.ie

Is geallsealbhóirí muid go léir i gcúrsaí sláinte. Ag pointe áirithe inár saol beimid ag úsáid an idirlín chun teagmháil a dhéanamh leis a tseirbhís sláinte trí HSE.ie nó ceann eile de shuíomhanna an fheidhmeannachta.

Tá FSS tiomanta go hiomlán an tseirbhís trí Ghaeilge a fheabhsú dóibh siúd gur mian leo cumarsáid trí Ghaeilge a dhéanamh.

I mbliana mar pháirt d’uasghrádú suíomh an FSS beimid ag cur lenár láithreacht ar HSE.

I measc na suíomhanna FSS a úsáidtear go rialta tá an suíomh  ‘Costasaí, Scéimeanna & Liúntais’. Is anseo a dhéantar iarratais ar scéimeanna agus sochair a chabhrófar le costasaí um shláinte.  

Seo páirt lárnach den suíomh ina bhfuil eolas leathan faoi na seirbhísí atá ar fáil. Le linn 2019 beidh an rannóg seo ar fáil i nGaeilge.  

Beimid ag co-oibriú le h-aistritheoirí agus dearthóirí chun é seo a chur i gcrích  sna míonna amach romhainn.

Seo tionscnamh spreagúil dár bhfoireann digiteach agus dár bhfoireann um Sheirbhís Gaeilge. Táimid ag tnúth bheith ag obair le chéile agus ag cur leis an tseirbhís trí Ghaeilge a thiocfaidh as seo.

Tá sé mar aidhm againn go mbeidh na seirbhísí uilig atá ar fáil ar an suíomh ‘Scéimeanna Costais agus liúntais’ ar fáil trí mheán na Gaeilge roimh dheireadh na bliana.

Go luath amach anseo beidh tú in ann Gaeilge a úsáid chun iarratais a dhéanamh ar:

  • Cárta Cuairt Dochtúra
  • Cárta Leighis
  • Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Sa rannóg ar Scéimeanna Chostais & Liúntais gheofar eolas tábhachtach faoin scéim ‘Fair Deal’, Scéim um Chóireáil Thar Lear, Liúntas Leasa na nDall agus Deontais um Chrannchur Náisiúnta.

Tá an t-ábhar ar an suíomh idirlín curtha le chéile chun cabhrú le úsáideoirí i ngach slí. Tá sé mar aidhm againn go mbeidh tú in ann teacht ar an eolas atá de dhíth chomh luath agus chomh héasca agus is féidir.

Gan abhras cabhróidh sé seo eispéireas úsáideoirí do lucht labhartha na Gaeilge a fheabhsú agus tá súil againn go mbeidh siad níos compordaí ag úsáid a máthair teanga ag déileáil  le  FSS. 

Is é ár sprioc dheiridh ná go mbeidh seirbhís sláinte ar líne níos fearr ar fáil do lucht labhartha na Gaeilge.    

Le ‘Scéimeanna um Chostais agus Liúntais’ seo an chéad chéim ar an aistear seo agus chomh luath is a mbeidh sin críochnaithe tosóimid ag leathnú ár seirbhís trí Gaeilge.

Leis na forbairtí seo curtha i gcrích beidh sé níos éasca dúinn forbairt a dhéanamh ar ábhar na meán shóisialta. Beimid in ann na leathanaigh le hábhar Gaeilge a nascadh ar ár suíomh.

Chomh maith le sin tá seirbhís trí Ghaeilge ar fáil dóibh siúd a dhéanann teagmháil le HSELive. Seo ár seirbhís faisnéise ilchainéalach atá ar fáil don phobal sé lá sa tseachtain trí theileafóin, ríomhphoist, Twitter agus LiveChat.    

Cabhraíonn an tseirbhís úsáideoirí seo ó thaobh fadhbanna nascleanúna. Ta an tseirbhís ann chun cabhrú le daoine agus chun ceisteanna a fhreagairt.