Lá dár saol – Vaicsín C19 á dháileadh ag dochtúirí Dhún Garbháin

Fear amháin a raibh an-áthas air agus ag é “ag dul anonn” ar maidin ba ea Tomás Ó Céilleachair. Is iar mhúinteoir i gColáiste na Rinne é Tomás agus é ag cur fé taobh leis i Maoil a’ Chóirne le fada an lá anois.

Is don gcéad dáileadh den Vaicsín Frith-Covide a fháil óna dhoctúir teaghlaigh (An Dr. Tadhg De Barra in Ionaid Leighis na Sráide Móire  - High Street Medical Centre) a bhí triall Thomáis.

I 1935, i gCeann Trá, Corca Dhuibhne a rugadh Tomás Ó Céilleachair agus is iomaí athrú saoil atá feicthe ó shin aige. Tá níos mó ná caoga bliain anois ann ó d’fhreastail traein ar Dhún Garbhán ach b’shin an modh taistil aniar ó Chiarraí a bhí ag Tomás nuair a leandáil sé ‘sna Déise don gceád uair i 1958. Níor shamhlaigh Tomás Ó Céilleachair riamh, áfach, go mbeadh an oiread sin cíor thuathail in ann don saol de bharr na paindéime atá i réim anois le bliain nach mór.

Chloígh Thomás agus a bhean céile (an t-amhránaí traidisiunta Ann Mulqueen) go dícheallach leis na treoirlínte agus na srianta pobail a bhí i bhfeidhm le bliain anuas agus deir sé go bhfuil ana mhuinín anois aige go bhfuil laethanta níos fear rompu amach anseo:

“Tá ana áthas orm go bhfuil an lá seo tagtha dom féin, mar is a’ trácht ar an vacsaín C19 a bhíomar anuraidh. ‘Sé’n scanradh ar fad an scrios atá déanta ag an víreas agus táim ag cuimhneamh inniu chomh maith ar na daoine go léir a raibh briseadh croí agus buairt in ann dóibh dá bharr.”

“Níl deireadh, ar ndóigh, lenár gcruachás go fóill. Mar sin féin, tá seans ar ghnáth shaol agus ar shaol níos sábháilte á chur ar fáil dúinn anois. Chomh maith le cloí leis na treoir atá molta dúinn, mholfainn do gach duine an vacsaín seo a thógaint. Níor bhraith mé dada, cúpla soicind a thóg sé an tsnáthaid a chur i’m’ lámh agus tá mé ar fheabhas, go hiontach ceart ina dhiadh! Dá mhéid a fhaigheann anois é, ‘sea is fearr dúinn go léir.”

“Beidh mé ag súil anois leis an dara dáileadh a d’fháil, go mbeidh an deis chéanna ag mo bhean chéile Ann agus ar ndóigh go mbainfidh ár gclann agus cairde go léir tairbhe as an scéim dáileacháin atá leagtha amach ag an HSE. Le cúnamh Dé, ní fada uainn go mbeidh ár gclann agus go háirithe na garpháisití ar chuairt chugainn. Beidh sé go hiontach an Rinn Ó gCuanach ‘bheith oscailte agus fáiltiúil arís mar a bhí riamh!”

Dúirt an Dr. De Barra gur ócáid shuntasach í inniu don gcleachtas acu féin san Ionaid Leighis na Sráid Móire (High Street Medical Centre) agus d’fhoireann cúram príomhúil an HSE i nDún Garbhán a bhfuil sé féin agus a chomhdhochtúirí ina bhaill de:

“Tá ana ullmhúchán déanta don bpróiseas seo agus is maith go bhfuilimid i mbun na hoibre seo ar maidin. Ábhar faoisimh agus dóchais atá ann. Mar proifisiúnaithe leighis, táimíd ag tacú go láidir leis an vaicsín seo, tá sé sábhálta agus molaimid go láidir é. Cheana féin, tá an tairbhe feicthe ins na h-ionaid altranais agus i measc lucht foirne cúram sláinte go bhfuil an vaicsín faighte acu. De réir a chéile – agus sinn ag fanacht sábhailte idir an dá linn – tá an tionchar dearfach céanna in ann don sochaí mórthimpeall orainn.” 

Last updated on: 26 / 02 / 2021