Deimhniú digiteach um vacsaíniú in aghaidh COVID-19 a iarraidh nó a atheisiúint
Bain úsáid as an bhfoirm seo má fuair tú vacsaíniú in aghaidh COVID-19 in Éirinn breis agus 5 lá ó shin agus má bhaineann an méid seo leat:
- mura bhfuair tú do dheimhniú um vacsaíniú fós
- má chaill tú do dheimhniú um vacsaíniú agus má theastaíonn uait go n-atheiseofaí é
Vacsaíniú taobh amuigh d’Éirinn
Ní bhfaighidh tú deimhniú um aon vacsaíniú in aghaidh COVID-19 a fuair tú taobh amuigh d’Éirinn.
Ní féidir an fhoirm seo a úsáid má fuair tú do theanndáileog in Éirinn ach go bhfuair tú do chéad bhabhta vacsaínithe i dtír eile. Má bhaineann an cheist sin leat, glaoigh ar ár líne chabhrach.
1800 807 008 nó +353 1 903 6437 ó áiteanna taobh amuigh d’Éirinn.