Faigh eolas faoin gcóras cúraim sláinte poiblí in Éirinn agus faoi thopaicí sláinte coitianta i do theanga.
Físeáin faoin gcúram sláinte in Éirinn
Breathnaigh ar fhíseáin faoi chóras cúraim sláinte na hÉireann agus ábhair sláinte choitianta:
Cúram leighis a fháil in Éirinn
Faigh amach cad ba cheart a dhéanamh má mhothaíonn tú tinn, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- cá huair ba ceart dul chuig an dochtúir teaghlaigh
- cúram leighis a fháil sa tráthnóna nó ag an deireadh seachtaine
- cad ba cheart a dhéanamh i gcás éigeandála
Cárta leighis
Má tá cárta leighis agat, ní gá duit íoc chun dul chuig do dhochtúir nó íoc as cógais a fhorordaíonn do dhochtúir.
Faigh eolas faoin gcárta leighis in Éirinn, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- cúram sláinte atá clúdaithe ag an gcárta leighis
- iarratas a dhéanamh ar chárta leighis
Cad é a dhéanann dochtúir teaghlaigh
Faigh eolas faoi dhochtúirí teaghlaigh in Éirinn, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- cúram leighis a sholáthraíonn dochtúirí teaghlaigh
- uaireanta oscailte clinicí dochtúirí teaghlaigh
Cúram do do chuid fiacla, súl agus éisteachta
Faigh amach conas cúram a fháil do do chuid fiacla, súl agus éisteachta in Éirinn.
Frithghiniúint
Faigh eolas faoi na cineálacha frithghiniúna atá ar fáil in Éirinn. Is féidir leat frithghiniúint a fháil trí dhochtúir teaghlaigh nó trí chlinic pleanála teaghlaigh. Is féidir leat frithghiniúint éigeandála a fháil i gcógaslann gan oideas chomh maith.
Seirbhísí toirchis
Is féidir leat cúram toirchis a fháil saor in aisce in Éirinn. Faigh eolas faoin gcúram is féidir leat a fháil le linn do thoirchis agus i ndiaidh na breithe.
COVID-19 agus toircheas
Faigh eolas faoi COVID-19 agus toircheas, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- rioscaí duit féin agus do do leanbh má fhaigheann tú COVID-19 le linn toirchis
- vacsaín COVID-19 a fháil le linn toirchis
- Sábháilteacht vacsaín COVID-19
Luath-thoircheas
Faigh eolas faoin gcúram is féidir leat a fháil go luath i do thoircheas, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- cá háit le cúram toirchis a fháil
- roghanna toirchis neamhbheartaithe
- ag tabhairt aire do do shláinte go luath sa toircheas
Toircheas déanach agus ag ullmhú don bhreith
Faigh eolas faoin gcúram is féidir leat a fháil go déanach i do thoircheas, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- bheith sláintiúil go déanach sa toircheas
- seiceálacha rialta toirchis
- cá huair ba cheart cuidiú práinneach a fháil
- comharthaí go bhfuil tinneas linbh ag teacht ort
Aire a thabhairt do do leanbh nuabheirthe
Faigh eolas faoi chúram a thabhairt do leanbh nuabheirthe, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- eolas maidir le leanbh a bheathú agus a ní
- an fáth a mbíonn leanaí ag caoineadh agus cad is féidir leat a dhéanamh chun iad a shuaimniú
- patrúin codlata leanaí agus leideanna le haghaidh codladh sábháilte
- gnáthsheiceálacha sláinte
Beathú cíche
Faigh amach faoi na buntáistí a bhaineann le beathú cíche duit féin agus do do leanbh, agus conas beathú cíche a thosú.
Sláinte na máthar i ndiaidh na breithe
Faigh eolas faoi na hathruithe fisiceacha agus mothúchánacha a tharlaíonn i ndiaidh leanbh a bhreith agus an cúram is féidir leat a fháil.
Ábhar físeáin arna chruthú ag an Oifig Náisiúnta um Ionchuimsiú Sóisialta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) le Translate Ireland, Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP), mychild.ie agus oibrithe cúraim sláinte eile.